Stair na Scoile
Tá Scoil Fhionnbarra lonnaithe i mBéal Átha’n Ghaorthaidh, i nGaeltacht Mhúscraí Co. Chorcaí. Tógadh an scoil seo sa bhliain 1982 nuair a nascadh scoil na mbuachaillí, scoil na gcailíní agus scoil Chéim an Fhia. Is scoil chomhoideachais í a fhreastlaíonn ar pháistí in iarthar pharóiste Uíbh Laoire. Freastlaíonn thart ar chéad páiste ar an scoil agus tá daltaí ó rang na naíonáin shóisearacha go dtí Rang 6 sa scoil. Tá an tumoideachas i bhfeidhm go h-iomlán sa scoil ó 2018 agus fuair an scoil aitheantas oifigiúil Ghaeltachta i Mí an Mheithimh 2023. Tá clár lán-tumtha tumoideachais dhá bhliain i bhfeidhm do dhaltaí na naíonáin bheaga agus mhóra i Scoil Fhionnbarra. Cuirtear béim ar chultúr, teanga agus oidhreacht i ngach gné de shaol na scoile. Ghlactar páirt in imeachtaí a chuireann an teanga agus an cultúr chun cinn. Déantar gach iarracht an pháiste a mhúineadh agus a fhorbairt i slí iomlánaíoch
Is í an Ghaeilge an teanga teagaisc inár scoil agus an teanga chumarsáide idir na páistí, múinteoirí laistigh agus lasmuigh des na ranganna. Moltar dos na daltaí a gcuid gaeilge a úsáíd agus a chleachtadh ar fud na scoile agus in imeachtaí scoile lasmuigh de shuíomh na scoile.