Ráiteas Misean
Bunscoil náisiúnta lán-Ghaelach chomhoideachais le héiteas Caitliceach faoi phátrúnacht An tEaspag Caitliceach Fionnán Mac Gabhúin Corcaigh & Rois is ea Scoil Fhionnbarra
Bunaíodh an scoil sa bhliain 1982 leis na haidhmeanna seo a leanas:
(a) Bunoideachas trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil do dhaltaí as teaghlaigh gurb í an Ghaeilge an ghnáth-theanga iontu;
(b) Bunoideachas trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil do dhaltaí eile agus a chur ar a gcumas bheith ina gcainteoirí líofa Gaeilge;
(c) Timpeallacht Ghaelach a chur ar fáil agus dúil sa Ghaeilge agus i saíocht na Gaeilge a chothú i measc na ndaltaí agus na dtuismitheoirí. Is príomhchuspóir de chuid na scoile í an teanga a chothú.
Ciallaíonn ‘éiteas Caitliceach’ éiteas agus spiorad sainiúil an Eaglais Chaitlicigh Rómhánaigh, a chuireann chun cinn
- forbairt iomlán na ndaltaí – idir intleachtúil, mhothálach, fhisiciúil, spioradálta, aeistéitiúil agus shóisialta
- gaol beo le Dia agus le daoine eile
- fealsúnacht saoil buaithe ar chreideamh i nDia agus saol, bás agus aiséirí Íosa; agus
- oiliúint na ndaltaí sa chreideamh Caitliceach
Cuirimid oideachas reiligiúnda ar fáil do na daltaí de réir dhúnghaoisí , chleachtais agus thraidisiúin na hEaglaise Caitlicí Rómhánaí agus/ nó de réir mar a leagann Comhdháil Easpag na hÉireann amach.
De réir S.15 (2) (b) den Acht Oideachais 1998, seasfaidh Bord Bainistíochta na scoile le, agus beidh sé freagrach don phátrún as, spiorad sainiúil na scoile de réir na luachanna cultúrtha, oideachasúla, mórálta, reiligiúnda , sóisialta, teangúla agus spioradálta a threoraíonn chuspóirí agus reachtáil na scoile.
Is é ár nDúnghaois i Scoil Fhionnbarra ná sár-oideachas lán-Ghaelach Caitliceach a chur ar fáil do dhaltaí na scoile mar bhunscoil chomhoideachais.
Cuirimid ár nDúnghaois i bhfeidhm trí:
(a) Chothrom na Féinne a thabhairt do Phobal na Scoile ar bhealach cairdiúil, cothrom, réasúnta
(b) bhéim a chur ar fhorbairt Phobal na Scoile mar shaoránaigh d’Éirinn agus den domhan
(c) mheas orainn féin agus ar dhaoine eile agus ar ár gcultúr Gaelach agus ar chultúir eile a chothú.
(d) bhéim a chur ar shábháltacht agus ar shástacht dhaltaí
(e) na daltaí a ullmhú don oideachas iarbhunscoile agus don saol amach rompu
Creidimid go bhfuil na haidhmeanna agus an dúnghaois seo ag teacht le fís na scoile.
Foireann na Scoile
| Teidil | |
|---|---|
| Príomhoide: | Fionnuala Uí Chéilleachair |
| Leas-Phríomhoide: | Caitríona Ní Chéilleachair |
| Múinteoirí: | Helen Nic Giolla Phádraig Síle Ní Chárthaigh Elaine Ní Mhuirithe Treasa Ní Laoire |
| Múinteoir Tacaíocht Ghaeilge: | Helen Nic Giolla Phádraig |
| Cúntóir Teanga: | Catherine Ní Chuill |
| Cúntóirí Riachtanais Speisialta: | Máire Uí Chárthaigh Jennifer Ní Chróinín |
| Rúnaí: | Gearóidín Uí Dhuinnín |
| Glantóir: | Máire Ní Liatháin |
| Airíoch: | Tadhg Ó Muimhneacháin |
Baill an Bhoird Bainistíochta Scoil Fhionnbarra 2023-2027
| Teidil | |
|---|---|
| Cathaoirleach: | An tAthair Antóin Ó Mathúna |
| Rúnaí: | Fionnuala Uí Chéilleachair |
| Ionadaí na Múinteoirí: | Caitríona Ní Chéilleachair |
| Ionadaithe na dTuismitheoirí: | Karolyn Uí Laoire Risteárd Ó Maoilmhichíl |
| Ionadaithe an Phatrúin: | Bernie Seartan An tAthair Antóin Ó Mathúna |
| Ionadaí an Phobail: | Eibhlín Uí Chéilleachair Jimmy Ó Fearaíl |